Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhan Donnchadh ar an scoil go raibh sé 14 bliana d’aois, ansin d’imigh sé go hOileán Rossie [ainmnithe mar Inchbroach fosta i mbá Mhonadh Rois (Montrose Bay)] in Albain ag obair ar na préataí ar feadh naoi n-uaire sa lá. Bhí daoine as na Rosa agus as Gaoth Dobhair ansin fosta. Cuntas maith ar an obair - bhí na préataí iontach mór ar an oileán sin, mar gheall ar an ghrian agus nach raibh sioc ann. An pá a fuair sé ná £1,7s,2d. | 00:05:51 | |
Bhí lear mór comharchumainn in Albain – ceann in achan bhaile. Bhí neart oibre acu agus neart orduithe d’earraí uathu fosta. Ní raibh an méid céanna oibre ar fáil sna siopaí beaga – na deacrachtaí oibre a bhí ann (cosúil leis an rud a tharla leis na monarchana i nGaoth Dobhair blianta ina dhiaidh sin). | 00:02:38 | |
Am an chogaidh in Albain agus na fir a tógadh agus a cuireadh isteach in airm na Breataine. Ma bhí tú ag obair leis an fheirmeoireacht, thiocfadh leis an fheirmeoir tú a choinneáil amuigh as an arm, ach bhí ort dul go dtí an sáirsint achan trí mhí le do phas a fháil stampáilte. Tógadh lear mór daoine amach as a gcuid leapacha. Bhí daoine grádaithe – daoine ar ghrád 1 nó 2 ábalta dul isteach díreach ar aghaidh. Ar ghrád 3, b’fhéidir go raibh rud inteacht contráilte le do shúile nó rud inteacht mar sin. | 00:03:45 | |
Chas Donnchadh ar a bhean (Méabha) thall in Dundee – bhí sí ag obair ansin ar na préataí in áit a bhí lear mór girseach as Mullach Dubh. Dream as Árainn Mhór agus muintir na hÉireann ag obair mar tattie hokers. Saol mar a bhí ansin - bhí daoine as na háiteacha céanna ag coinneáil le chéile. Tragóid Árainn Mhór - na hoibrithe a cailleadh agus iad ag teacht chun an bhaile as Albain. Bhí Méabha go hádhúil nach raibh sí ar an bhád an oíche sin. | 00:05:11 | |